| Normalú Téacs |
Tá córas uimhriúil na Gaeilge an-chasta. Chun an dé-uimhir a chur in iúl, cuir i gcás, ní mó rogha a dhéanamh idir ‘dó’, ‘dhá’, ‘beirt’, ‘dara’ / ‘dóú’ mar braitheann an ceann cuí ar an gcomhthéacs. Tá na rialacha leagtha amach sa chóras ar dhóigh a dtugann ar an sintéiseoir leithéidí ‘1/2’ a léamh mar ‘leath’, ‘€2’ a léamh mar ‘dhá euro’, ‘2 chailíní’ a léamh mar ‘beirt chailíní’, ‘1 nó 2’ a léamh mar ‘ceann nó dhó’ agus ‘seomra 2’ a léamh mar ‘seomra a dó’. Tá sé seo úsáideach le haghaidh rudaí ar nós an t-am a léamh, an difríocht idir cineálacha éagsúla uimhreacha a mhíniú, agus nithe nach iad.
