Céard is Léitheoir Gréasáin ann?
Séard atá i gceist le léitheoir gréasáin ná bogearraí a léann téacs atá ar leathanach gréasáin amach os ard. Déanann an léitheoir gréasáin an téacs a aibhsiú ag an am céanna ionas go bhfuil a fhios ag an úsáideoir cá bhfuil sé sa téacs.
Na Buntáistí
Baineann neart buntáistí le léitheoir a bheith ar shuíomh gréasáin mar is iomaí duine a bhaineanns úsáid as, daoine atá faoi mhíchumas radhairc nó foghlaimeoirí mar shampla.
Míchumas
Cuidíonn léitheoir gréasáin le daoine atá faoi mhíchumas radhairc úsáid a bhaint as suíomh gréasáin mar nach gá ach cnaipe a bhrú chun éisteacht leis an eolas atá ar fáil ar an suíomh.
Áisiúlacht
Is iomaí duine a bhaineanns úsáid as léitheoirí gréasáin mura bhfuil siad in ann breathnú ar scáileán agus iad ag tiomáint, ag cócaireacht nó ag bogshodar. Is geall le podchraoladh atá ar fáil ar an bpointe boise é.
Foghlaimeoirí
Uaireanta ní bhíonn a fhios ag foghlaimeoirí an chaoi cheart le focal a fhuaimniú. Mar sin tá sé thar a bheith áisiúil go bhfuil siad in ann éisteacht leis na focla agus iad ag léamh ailt ar an idirlíon. Ar an dóigh seo, éiríonn foghlaimeoirí cleachta ar an nGaeilge labhartha. Chomh maith leis sin, is mór an cúnamh é an foclóir a ghabhanns leis an léitheoir.
Na Canúintí
Tá na trí mhórchanúintí ar fáil sa léitheoir gréasáin:
- Gaeilge Chonnachta
- Gaeilge na Mumhan
- Gaeilge Uladh
An Foclóir
Gabhann foclóir leis an léitheoir gréasáin. Is féidir focal ar bith sa téacs a bhreathnú suas sa bhfoclóir ach deischliceáil air.
Saor in Aisce
Tá léitheoir gréasáin ABAIR ar fáil go hiomlán saor in aisce ar choinníoll nach n-iarrfar airgead ar dhaoine as é a úsáid ar shuíomh gréasáin ar bith.
Má tá aon cheisteannaí agat, is féidir dul i dteagmháil le foireann ABAIR.