Gaeilge
English
ABAIR sa Stiúideo
Glac páirt sa taighde!
Obair ABAIR

Tá ABAIR ag obair ar na rudaí seo a leanas:

  • Aithint chainte don Ghaeilge
  • Teicneolaíocht do dhaoine faoi mhíchumas radhairc
  • Bogearraí do theagasc na Gaeilge

Is féidir leat cabhrú linn ar bhealaí éagsúla agus tugann ABAIR sa Stiúideo deis duit an tionscadal a chur chun cinn.

Aithint Chainte

Tá uirlis fearacht Alexa de dhíth ar an nGaeilge agus tá ABAIR ag obair ar chóras aithint chainte don Ghaeilge. Teastaíonn an oiread taifeadtaí agus is féidir uainn leis an gcóras a thraenáil. Is feidir leat cabhrú linn trí chúpla taifeadadh a dhéanamh.

Téigh go dtí an taifeadán
Oideachas

Tá teicneolaíochtaí digíteacha an-tábhachtach i réimse an oideachais. Tá ABAIR ag forbairt uirlisí a chuideoidh le teagascóirí is foghlaimeoirí araon, go háirithe i réimse na foghraíochta. Ach níl teorainn leis na féidearthachtaí.

Rochtain

Tá gá ag daoine atá faoi mhíchumas radhairc le bogearraí speisialta chun úsáid a bhaint as ríomhairí. "Léitheoir scáileáin" a thugtar ar na bogearraí seo agus braitheann siad ar ghlórthaí sintéise.

Baineann ABAIR.ie úsáid as cookies agus baileoimid sonraí uait má bhíonn tú ag úsáid seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an suíomh idirlín seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an Polasaí Cookie agus an Polasaí Príobháideachais de chuid ABAIR.ie.

Glacaim leis